(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
CÉ GO BHFUIL go leor cainte déanta faoi chomh lárnach is a bheidh an Ghaeilge le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a thosnaíonn go luath, tá cáineadh láidir meallta ar rogha Ghaeilge bheith ar iarraidh do thuairisceoirí atá ag lorg creidiúnú chun a bheith obair anseo lena linn.
Is i mBéarla amháin atá an próiseas creidiúnaithe seo – an chéad teagmháil a bheidh ag iriseoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta le hUachtaránacht na hÉireann.
Tá fócas sa bhreis ar seo nó mar go bhfuil iriseoirí agus tuairisceoirí ó ar fud na cruinne ag clárú le haghaidh creidiúnas a fháil le bheith i láthair ag cruinnithe is ócáidí eile a bheidh á reáchtáil in Éirinn nuair a chuirfear tús le seal sé mhí na hÉireann sa ról seo ar 1 Iúil – agus ní féidir seo a dhéanamh trí Ghaeilge.
Dúirt Cynthia Ní Mhurchú, feisire Fhianna Fáil d’Éirinn Theas i bParlaimint na hEorpa, go raibh idir “díomá agus olc uirthi fé rogha na Gaeilge bheith ar iarraidh ón bpróiseas creidiúnaithe.”
Dúirt sí gur cheart an t-easnamh seo a chur ina cheart láithreach. “Táim ag dul i dteagmháil leis an Aire, na státseirbhísigh agus leis an Taoiseach faoi seo chun an fhadhb a réiteach,” dúirt sí.
“Tá aitheantas dlíthiúil ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip agus ní mór don rialtas í a chosaint.”
I ráiteas ó Oifig Phreas na hUachtaránachta atá faoi choimirce na Roinne Gnóthaí Eachtracha, chosain urlabhraí an cinneadh ag cur in iúl go raibh Rialtas na hÉireann ag cloí leis an réamhshampla a leagadh síos ag rialtais eile a raibh ag reáchtáil na hUachtaránachta ina seal.
“I gcomhréir le cleachtas seanbhunaithe Uachtaránachtaí an Aontais a bhí ann roimhe seo, tá iontráil sonraí ar an ardán creidiúnaithe ar fáil i mBéarla,” dúirt urlabhraí.
“Tugadh faoin gcleachtas sin le linn Uachtaránacht reatha na Cipire ar an Aontas agus le linn Uachtaránacht na Danmhairge ar an Aontas le déanaí.
“Mar sin féin, maidir le creidiúnú, rinne Uachtaránacht na hÉireann iarracht a chinntiú gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh na suaitheantais rochtana atá le caitheamh ag toscairí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus ag na meáin le linn ár nUachtaránachta ar an AE.”
Tá suíomh idirlín na hUachtaránachta ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincís agus i dteangacha eile le cabhair ó mheasín aistriúcháin Screenshot
Screenshot
Mhínigh an urlabhraí go raibh “suíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann ar an AE ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincís.”
Tá suíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann ar an AE ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincís agus feidhmíonn sé mar an chéad phríomhfhoinse eolais agus teagmhála d’aon duine atá ag lorg eolais faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tá an suíomh gréasáin beo ón 10 Meitheamh ar aghaidh.
“Feidhmíonn sé mar an chéad phríomhfhoinse eolais agus teagmhála d’aon duine atá ag lorg eolais faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh,” dúirt an urlabhraí.
“Beidh an Ghaeilge mar chuid de chlár Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Beidh imeachtaí áirithe á n-óstáil i nGaeilge, agus déanfar ionadaíocht ar an nGaeilge, ar na healaíona, ar an litríocht agus ar an gceol sa Chlár Cultúrtha, agus úsáidfear an Ghaeilge ag cruinnithe an Aontais, agus i gcumarsáid le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE.”
Dúirt an urlabhraí freisin gur rinne Uachtaránacht na hÉireann iarracht a chinntiú “gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh na suaitheantais rochtana atá le caitheamh ag toscairí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus ag na meáin le linn ár nUachtaránachta ar an AE.”
Thug Conradh na Gaeilge suntas don iarracht atá déanta ag Uachtaránacht na hÉireann an Ghaeilge a bheith lárnach san Uachtaránacht ach léirigh bainisteoir abhcóideachta an Chonartha, John Prendergast, míshástacht faoin easnamh.
“Tá sé díomách go cinnte nach bhfuil an clárúchán ar fáil do dhaoine as Gaeilge agus daoine ag iarraidh creidiúnú a fháil le linn na hUachtaránachta.”
Cheistigh sé freisin cé acu an raibh an easnamh seo ag cloí le dualgas ranna Rialtais foirmeacha a chur ar fáil as Gaeilge chomh maith le Béarla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
De réir Alt 9 (d) san Acht sin, foráiltear gur féidir leis an Aire “a fhorordú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla an chomhlachta phoiblí agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le comhlachtaí poiblí éagsúla nó le foirmeacha oifigiúla éagsúla.”
Dúirt Prendergast, áfach, go raibh a fhios aige go raibh treoirlínte le héisiúint go fóill ag an Aire maidir le feidhmiú an ailt seo. “Faraor, bheifeá ag súil go mbeadh roinn Stáit ag iarraidh cleachtas láidir maidir le dátheangachas stádais a chur i bhfeidhm go réamhghníomhach lena gcuid oibre ar fad trí chéile, agus gan dabht tá na deiseanna seo ag Éirinn anois agus an Uachtaránacht againn í sin a dhéanamh ar bhonn Eorpach – áit ina bhfuil go leor pobal teangacha mionlaigh ag maireachtáil,” dúirt sé.
Dearbhaíodh i ráiteas ó Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh an tAire tar éis tosach feidhme a thabhairt don fhoráil a bhain le foirmeacha iarratais i mí na Nollag 2024 ach nach raibh na treoirlínte éisithe go fóill “ná níor forordaíodh aon chomhlacht poiblí chun a chríche go dtí seo ach an oiread.”
“Ciallaíonn sé seo nach bhfuil dualgas díreach ar chomhlachtaí poiblí faoi láthair i dtaca le foirmeacha iarratais go dtí go dtabharfaidh Aire na Gaeltachta treoirlínte reachtúla i bhfeidhm,” dúirt urlabhraí an Choimisinéara.
“Tá an Coimisinéir Teanga tar éis aird a tharraingt ar an ngéarghá atá leis na treoirlínte a thabhairt i bhfeidhm gan mhoill.”
Sa chéad scéim teanga a aontaíodh idir Aire na Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mí na Samhna 2006, dúirt an Roinn go raibh foirmeacha iarratais á gcur ar fáil an uair sin “i nGaeilge agus i mBéarla araon.”
I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal, dúirt urlabhraí ón Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus na Gaeltachta nach fada go bhfoilseofar na treoirlínte.
“Tar éis próiseas fairsing comhairliúcháin phoiblí agus rannpháirtíocht le réimse comhlachtaí poiblí, agus forbairtí breise a tháinig chun cinn le linn 2026, foilseofar Treoirlínte Aireachta maidir le hAilt 9A-9D den Acht go luath, agus tabharfar faoi phróiseas le comhlachtaí poiblí a fhorordú chun críche Ailt 9A agus 9B freisin,” dúirt urlabhraí na Roinne.
“Soláthróidh na Treoirlínte seo treoir bhreise maidir le hinfheictheacht, cruinneas agus tábhacht na Gaeilge i gcúrsaí cumarsáide ar fud na seirbhíse poiblí.
“Mar a luadh i gcomhthéacs do cheiste i dtaca le hAlt 9A den Acht an tseachtain seo caite, tabharfar tréimhse ama do na comhlachtaí poiblí comhlíontacht le foráil 9B a bhaint amach tar éis dóibh a bheith forordaithe.
“Beidh ról ag an nGrúpa Oibre Teicniúil, a bunaíodh faoin bPlean Náisiúnta, maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm straitéisí mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm Ailt 9A agus 9B, de réir na dTreoirlínte a eiseofar, chomh maith.”
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil






















