惯性聚合 高效追踪和阅读你感兴趣的博客、新闻、科技资讯
阅读原文 在惯性聚合中打开

推荐订阅源

酷 壳 – CoolShell
酷 壳 – CoolShell
G
Google Developers Blog
V
V2EX
美团技术团队
H
Help Net Security
月光博客
月光博客
爱范儿
爱范儿
Engineering at Meta
Engineering at Meta
The Cloudflare Blog
U
Unit 42
大猫的无限游戏
大猫的无限游戏
Recent Announcements
Recent Announcements
A
About on SuperTechFans
博客园 - Franky
The GitHub Blog
The GitHub Blog
N
Netflix TechBlog - Medium
人人都是产品经理
人人都是产品经理
博客园 - 司徒正美
MyScale Blog
MyScale Blog
B
Blog
雷峰网
雷峰网
Y
Y Combinator Blog
云风的 BLOG
云风的 BLOG
T
The Blog of Author Tim Ferriss

TheJournal.ie

Court told Eleanor Donaldson placed bugging device in her husband’s car over fears of affair TD says she's been left with 20cm scar after skin cancer diagnosis Homelessness: Record number in emergency accommodation, including new high for children Blue Origin rocket explodes during test launch John Gibbons: The planet is burning, but Ireland still isn't taking climate change seriously 'Truly devastating': Tributes paid to Masuma Sohrabi after stabbing in Clifden Mother and carer: You don't appreciate public services until your child needs them to survive Left or right? Sinn Féin's fence-sitting may be about playing the long game Gavan Reilly: Gerry Hutch and his 30% vote in Dublin Central's best-heeled area Gavan Reilly: The Gerry Hutch 37.1% share of the vote in the shadow of the IFSC Ebola on the rise: Why the latest outbreak should concern all of us Ireland's data centre energy drain: How Big Tech added €1.4bn to household electricity bills Living with myeloma: 'I chose not to fight this blood cancer, but to instead live alongside it' Alberta’s separation bid: How Canada’s next political crisis could come from within Kelly Earley: Militarism might be Ireland’s next economic disaster Raising them right: Ireland has a dog poo problem, and we parents are sick of stepping in it Money Diaries: A recently graduated digital journalist on €35K living in Dublin Global tech job losses: Is ‘AI-washing’ the new trend nobody wants to call out? Down on the farm with a difference: This is what happens when animals are allowed to feel safe Surrealing in the Years: Some shameful Irish attitudes take a leaf out of Israel's book Motoring: Should we trust self-driving cars? The physio is in: Ireland is growing older, but are we moving enough to age well? Tech dubbed 'creepy': AI smart glasses are here, but our privacy laws have not caught up Larry Donnelly: The polls point one way for Friday but byelections rarely follow the script The war on human thought: Educational institutions must take back control from AI The Bee Guy: World Bee Day won't save our little bee friends Kelly Earley: Could Mountjoy Square be Dublin’s most important park? Money Diaries: How is your spending and saving going? Would you like to keep a diary for us? Rearing them right: Should modern parents bring back ‘the man’? Ireland's energy future: What if the real failure here is that we stopped thinking bigger?
An ról a bhí ag sinsir chraoltóra i réabhlóid Mheiriceá t...
https://www.thejournal.ie/author/concubhar-Ó-liatháin/ · 2026-06-27 · via TheJournal.ie

Beidh go leor ceilúradh á dhéanamh ar stair Réabhllóid Mheirceá sna laethanta romhainn agus an tír sin ag ceiliúradh 250 bliain de neamhspleachas. Alamy Stock Photo

Na Gaeil i Réabhlóid SAM

Fuair Cormac Ó hEadhra rud suimiúil amach mar gheall ar an ról a raibh ag duine darbh ainm O’Hara i réabhlóid Mheirceá agus é ag obair ar scannán nua a chraolfar ar TG4 an tseachtain seo.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

LE LINN DON gcraoltóir aitheanta, Cormac Ó hEadhra bheith i mbun taighde do chlár faoi Réabhlóid Mheirceá, fuair sé amach gurb é duine dá shínsir féin a ghéill ar son na Breataine do George Washington agus a fhórsaí tar éis cath Yorktown in 1781. 

B’é Charles O’Hara an aidiúnach ag an Ginearál Cornwallis, agus bhí an oiread náire ar cheannaire mileata na Sasanach go ndúirt sé go raibh sé tinn ar an lá go raibh air géilleadh go foirmeálta agus d’ordaigh sé do O’Hara an dualgas a chomhlíonadh. 

Is le linn do chraoltóir RTÉ, laithreoir an Late Debate agus Saturday with Cormac Ó hEadhra, bheith i mbun staidéir faoin dtréimhse a fuair sé amach faoin gceangal ar leith a raibh ag mhuintir Uí hEadhra leis an tréimhse cé nach bhfuil aon cheangal díreach idir theaghlach Chormaic agus muintir Charles O’Hara.  Níl ann ach go bhfuil an sloinne acu araon.

Dúirt staraí a raibh pairteach sa scannán, Pádraig Lenihan ó Ollscoil na Gaillimhe, gur duine de shliocht chlann Uí hEadhra as Sligeach abea an Ginearál O’Hara agus go raibh a athair ina oifigeach sínsearach in Arm na Breataine freisin.  

“Faoin mbliain 1780 oifigeach sínsearach in Arm na Breataine abea O’Hara le cuid mhaith taithí,” dúirt Ó hEadhra.

“Cuireadh go Meirceá é i ach, ag an staid seo, bhí na Breatanaigh ag snámh in aghaidh easa sa gcogadh.” 

Mhínigh an laithreoir gur bheartaigh an ginearál plean chun an cogadh a ghéarú go mór in aghaidh na Meirceánach mar gur ghlac sé leis nach bhféadfadh na Breatanaigh an chogadh seo a bhuachaint agus i litir a scrígh sé ar 1 Samhain 1780, mhol sé “polasaí brúidiúil uafásach”.

Scrígh sé ag an am:”I mean a war of desolation where the object is only to ruin and devastate and not make establishments. This idea is shocking to humanity but however dreadful, it must be undertaken.

Niorbh fhada ina dhiaidh sin go mbeadh an chath chinniúnach sa chogadh réabhlóideach, i Yorktown, agus an uair sin, chloígh fórsaí Washington Arm na Breataine.  Deirtear nár lig a náire don Tiarna Cornwallis, ceannfort na Sasanach, an geilleadh a dhéanamh go foirmeálta ach is amhlaidh go ndúirt sé ná raibh sé ar fónamh. D’ordaigh sé don Ghinearál O’Hara chun an cúram sin a chomhlionadh, rud a dhein. 

“Mo chuid sinsir a ghéill Meirceá, mo chuid sínsir a rinne Meirceá, mar sin,” dúirt Ó hEadhra (an laithreoir) le linn an chláir. 

Is iomaí scéal daonna atá ínste sa scannán dhé pháirt seo, agus is an ghné seo a mheall Ó hEadhra chun bheith páirteach sa scannán agus ónar bhain sé ana shásamh. 

“Sin a bhain mise an sult as, is breá liom an stair, ach na scéalta daonna, is ansin a raibh mo cheann sáite,” dúirt sé. 

I measc na scéalta a ínstear sa chlár tá an méid a thárla ag Saratoga Springs idir dhá bhruach na h-abhann ag Fish Creek.  Tá cúntas air ag an scríbhneoir a bhí ina oifigeach in Arm na Breataine, Roger Lamb.    Trath go raibh sós comhraic ann idir Arm na Breataine a bhí tar éis teacht aduaidh ó Cheanada agus na Meirceánaigh agus ceannairí ón dhá thaobh ag labhairt le chéile.

“Chonaic sé saighdiúir Sasanach ar thaobh amháin, saighdiúir leis na Meirceánaigh ar an dtaobh eile ag rith isteach san abhainn i dtreo a chéile agus, le scéal fada a dhéanamh gearr, beirt deartháir a bhí ann,  agus iad ag troid in aghaidh a chéile i ngan fhios, ní fhaca siad a chéile le blianta, Maguires a bhí orthu as Contae an Chabháin,” dúirt sé.

“Déanann Roger Lamb cur síos ar an mbarróg a thug siad dá chéile san abhainn agus ‘o brother, my brother’ a dúirt sád agus bhí na saighdiúirí ar an dá thaobh ag ceapadh gur beirt ghealt a raibh ann.”

Is iomaí Gael eile atá cur síos déanta ar a ról sa réabhlóid sa chlár – ina measc Stephen Moylan ó Chorcaigh, duine de chlann saibhir ón gcathair cois Laoi, a raibh ina chomhairleoir sinsearach do George Washington.  I litir a scrígh sé in Eanáir 1776, b’é an chéad duine le ainm na tíre mar a bheadh a úsáid, Stáit Aontaithe Mheirceá/United States of America.

Instear na scéalta freisin faoi John Dunlap, Tír Eoghanach as an Srath Bán, a chuir Forógra Saoirse Mheiriceá i gcló; John Barry as Loch Garman, ar bronnadh an teideal ‘Bunaitheoir Chabhlach Mheiriceá’ air; agus Margaret Corbin, an ceannródaí mná a bhí ar dhuine de na mná ba spreagúla le linn na Réabhlóide. Bhí filí in Éirinn ag cumadh amhráin Ghaeilge le linn an ama sin, iad ag ceiliúradh thoradh na Réabhlóide. 

Dar le Ó hEadhra, nach n-éiríonn le ginearáil agus daoine mór le rá saoirse a bhaint amach leo féin agus go raibh “rannpháirtíocht na gnath dhaoine níos tábhachtaí ná rud ar bith”.

Agus ní sheachnaíonn an scannán seo an scoilt atá ag fás anois i Meirceá, scoilt atá spreagtha ag léargais éagsúla ar na prionsabail a chum leithéidí Washington agus na Gaeil a throid leis, sochaí a bhunú a bheadh cóir agus cothrom.

I measc na staraithe atá páirteach sa chlár, tá Molly Hester, iar léachtóir in Ollscoil Harvard, a deir go dtarraingíonn an chaint faoi Meirceá bheith ag ceiliúradh 250 bliain dá neamhspleachas aníos na mothúcháin faoi “shaoirse,  cearta daonna agus na luachanna morálta ar a bunaíodh Meirceá”.

“Táimíd ag breathnú inár dtimpeall agus ag cur ceiste orainn féin, an bhfuil an pobal agus an rialtas ag teaspáint na luachanna morálta sin inniu, na mothúcháin céanna ar thosaigh Mheirceá.

“Tá sé deacair a rá, i ndáiríre, spiorad Mheirceá agus spiorad na réabhlóide, tá sé fós ag troid do chearta na ndaoine agus sin an rud a chaithfimíd greim a fháil air agus a choinneáil inár gcroí ar Lá Saoirse Mheirceá, an 4ú lá d’Iúil.”

Craolfar an chéad pháirt de Réabhlóid Mheirceá ag 9.30in ar 1 Iúil ar TG4 agus an dara pháirt seachtain ina dhiaidh sin ar 8 Iúil. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...

A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.