(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)
IS DÓICHÍ ANOIS gurb é TD Fhianna Fáil i gCill Dhara Thuaidh, Naoise Ó Cearúil, a cheapfar ina chathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge, tá sé tugtha le fios do The Journal ag foinsí iontaofa inniu.
Tá cathaoirleacht an chomhchoiste folamh ó toghadh Catherine Connolly ina hUachtarán i mí Dheireadh Fómhair, tráth go raibh uirthi éirí as bheith ina cathaoirleach ar an gcoiste ag a bpléitear ceisteanna is conspóidí a bhaineann le cúrsaí teanga agus Gaeltachta.
Bhí Ó Cearúil ag feidhmiú i ról an Chathaoirligh ón am sin ós rud é gurbh é an leas-chathaoirleach nuair a toghadh Connolly ina hUachtarán.
Sular toghadh é ina Theachta Dála, bhí Ó Cearúil ina mhúinteoir meánscoile Gaeilge agus bhí sé ina chathaoirleach ar Chuallacht Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad le linn do bheith ina mhac léinn le gnó agus dlí.
Tá cainteanna tar éis bheith ar bun le tamall mar gheall ar an bhfolúntas seo a líonadh ach bhí deacracht ag an ngrúpa Teachtaí Dála neamhspleach a raibh ar chúl toghchán an Uachtaráin Connolly sa ról mar nach raibh aon Teachta Dála le Gaeilge líofa a dhóthain fágtha ina measc.
Tá Richard Boyd Barrett agus Paul Murphy ó Phobail Roimh Bhrabhús sa ghrúpa seo, chomh maith le Ruth Coppinger ó Dlúthpháirtíocht, Roderic O’Gorman ón gComhaontas Glas agus na Teachtaí Dála neamhspleácha, Seamus Healy, Charles Ward agus Brian Stanley.
Tuigtear go gceapfar Ruth Coppinger ina cathaoirleach ar Choiste Oireachtais nua atá ag leagan fócais ar mhná agus ar fhoréigean bunaithe ar inscne.
Cuirfear ainm Uí Chearúil roimh Choiste Ord Ghnó na Dála ar an Déardaoin agus beidh vóta sa Dáil i gceann coicíse, nuair a fhilleann an Dáil tar éis sós do shaoire an Mheithimh.
Agus é ag labhairt do trathnóna dúirt Ó Cearúil nár cheart go mbeadh an Ghaeilge riamh ina chnámh spáirne idir pairtithe pholaitiúla.
“Tá deis mhór againn anois gluaiseacht nua-aimseartha, muiníneach agus uaillmhianach don Ghaeilge a thógáil, gluaiseacht a léiríonn Éire an lae inniu agus a chosnaíonn na pobail a choinnigh an teanga beo leis na glúnta,” dúirt sé.
“Is mór an onóir dom a bheith ceaptha mar Chathaoirleach ar an gcoiste seo ag pointe chomh tábhachtach do thodhchaí na Gaeilge.
“Baineann an Ghaeilge le gach duine sa tír seo agus is é ár ndualgas anois an teanga a chosaint, a neartú agus a nuachóiriú don chéad ghlúin eile.”
Dúirt sé freisin go mbeadh an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ar cheann de na príomh thosaíochtaíochtaí a bheadh aige.
“Mura mbeidh daoine óga in ann fanacht agus cónaí sa Ghaeltacht, cuirfear todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail faoi bhrú mór.”
Dúirt an Teachta Ó Cearúil go gcaithfidh an teicneolaíocht nua-aimseartha agus an intleacht shaorga a bheith mar chuid de straitéis an Stáit don Ghaeilge:
“Ní mór dúinn athsmaoineamh iomlán a dhéanamh ar an gcaoi a múintear agus a úsáidtear an Ghaeilge. Is féidir leis an teicneolaíocht, an intleacht shaorga agus na meáin dhigiteacha ról mór a bheith acu maidir le líofacht, inrochtaineacht agus úsáid laethúil na Gaeilge a mhéadú, go háirithe i measc daoine óga.”
Le tuairisciú breise ó Jane Matthews
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

















