(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
LE LINN DON gcraoltóir aitheanta, Cormac Ó hEadhra bheith i mbun taighde do chlár faoi Réabhlóid Mheirceá, fuair sé amach gurb é duine dá shínsir féin a ghéill ar son na Breataine do George Washington agus a fhórsaí tar éis cath Yorktown in 1781.
B’é Charles O’Hara an aidiúnach ag an Ginearál Cornwallis, agus bhí an oiread náire ar cheannaire mileata na Sasanach go ndúirt sé go raibh sé tinn ar an lá go raibh air géilleadh go foirmeálta agus d’ordaigh sé do O’Hara an dualgas a chomhlíonadh.
Is le linn do chraoltóir RTÉ, laithreoir an Late Debate agus Saturday with Cormac Ó hEadhra, bheith i mbun staidéir faoin dtréimhse a fuair sé amach faoin gceangal ar leith a raibh ag mhuintir Uí hEadhra leis an tréimhse cé nach bhfuil aon cheangal díreach idir theaghlach Chormaic agus muintir Charles O’Hara. Níl ann ach go bhfuil an sloinne acu araon.
Dúirt staraí a raibh pairteach sa scannán, Pádraig Lenihan ó Ollscoil na Gaillimhe, gur duine de shliocht chlann Uí hEadhra as Sligeach abea an Ginearál O’Hara agus go raibh a athair ina oifigeach sínsearach in Arm na Breataine freisin.
“Faoin mbliain 1780 oifigeach sínsearach in Arm na Breataine abea O’Hara le cuid mhaith taithí,” dúirt Ó hEadhra.
“Cuireadh go Meirceá é i ach, ag an staid seo, bhí na Breatanaigh ag snámh in aghaidh easa sa gcogadh.”
Mhínigh an laithreoir gur bheartaigh an ginearál plean chun an cogadh a ghéarú go mór in aghaidh na Meirceánach mar gur ghlac sé leis nach bhféadfadh na Breatanaigh an chogadh seo a bhuachaint agus i litir a scrígh sé ar 1 Samhain 1780, mhol sé “polasaí brúidiúil uafásach”.
Scrígh sé ag an am:”I mean a war of desolation where the object is only to ruin and devastate and not make establishments. This idea is shocking to humanity but however dreadful, it must be undertaken.
Niorbh fhada ina dhiaidh sin go mbeadh an chath chinniúnach sa chogadh réabhlóideach, i Yorktown, agus an uair sin, chloígh fórsaí Washington Arm na Breataine. Deirtear nár lig a náire don Tiarna Cornwallis, ceannfort na Sasanach, an geilleadh a dhéanamh go foirmeálta ach is amhlaidh go ndúirt sé ná raibh sé ar fónamh. D’ordaigh sé don Ghinearál O’Hara chun an cúram sin a chomhlionadh, rud a dhein.
“Mo chuid sinsir a ghéill Meirceá, mo chuid sínsir a rinne Meirceá, mar sin,” dúirt Ó hEadhra (an laithreoir) le linn an chláir.
Is iomaí scéal daonna atá ínste sa scannán dhé pháirt seo, agus is an ghné seo a mheall Ó hEadhra chun bheith páirteach sa scannán agus ónar bhain sé ana shásamh.
“Sin a bhain mise an sult as, is breá liom an stair, ach na scéalta daonna, is ansin a raibh mo cheann sáite,” dúirt sé.
I measc na scéalta a ínstear sa chlár tá an méid a thárla ag Saratoga Springs idir dhá bhruach na h-abhann ag Fish Creek. Tá cúntas air ag an scríbhneoir a bhí ina oifigeach in Arm na Breataine, Roger Lamb. Trath go raibh sós comhraic ann idir Arm na Breataine a bhí tar éis teacht aduaidh ó Cheanada agus na Meirceánaigh agus ceannairí ón dhá thaobh ag labhairt le chéile.
“Chonaic sé saighdiúir Sasanach ar thaobh amháin, saighdiúir leis na Meirceánaigh ar an dtaobh eile ag rith isteach san abhainn i dtreo a chéile agus, le scéal fada a dhéanamh gearr, beirt deartháir a bhí ann, agus iad ag troid in aghaidh a chéile i ngan fhios, ní fhaca siad a chéile le blianta, Maguires a bhí orthu as Contae an Chabháin,” dúirt sé.
“Déanann Roger Lamb cur síos ar an mbarróg a thug siad dá chéile san abhainn agus ‘o brother, my brother’ a dúirt sád agus bhí na saighdiúirí ar an dá thaobh ag ceapadh gur beirt ghealt a raibh ann.”
Is iomaí Gael eile atá cur síos déanta ar a ról sa réabhlóid sa chlár – ina measc Stephen Moylan ó Chorcaigh, duine de chlann saibhir ón gcathair cois Laoi, a raibh ina chomhairleoir sinsearach do George Washington. I litir a scrígh sé in Eanáir 1776, b’é an chéad duine le ainm na tíre mar a bheadh a úsáid, Stáit Aontaithe Mheirceá/United States of America.
Instear na scéalta freisin faoi John Dunlap, Tír Eoghanach as an Srath Bán, a chuir Forógra Saoirse Mheiriceá i gcló; John Barry as Loch Garman, ar bronnadh an teideal ‘Bunaitheoir Chabhlach Mheiriceá’ air; agus Margaret Corbin, an ceannródaí mná a bhí ar dhuine de na mná ba spreagúla le linn na Réabhlóide. Bhí filí in Éirinn ag cumadh amhráin Ghaeilge le linn an ama sin, iad ag ceiliúradh thoradh na Réabhlóide.
Dar le Ó hEadhra, nach n-éiríonn le ginearáil agus daoine mór le rá saoirse a bhaint amach leo féin agus go raibh “rannpháirtíocht na gnath dhaoine níos tábhachtaí ná rud ar bith”.
Agus ní sheachnaíonn an scannán seo an scoilt atá ag fás anois i Meirceá, scoilt atá spreagtha ag léargais éagsúla ar na prionsabail a chum leithéidí Washington agus na Gaeil a throid leis, sochaí a bhunú a bheadh cóir agus cothrom.
I measc na staraithe atá páirteach sa chlár, tá Molly Hester, iar léachtóir in Ollscoil Harvard, a deir go dtarraingíonn an chaint faoi Meirceá bheith ag ceiliúradh 250 bliain dá neamhspleachas aníos na mothúcháin faoi “shaoirse, cearta daonna agus na luachanna morálta ar a bunaíodh Meirceá”.
“Táimíd ag breathnú inár dtimpeall agus ag cur ceiste orainn féin, an bhfuil an pobal agus an rialtas ag teaspáint na luachanna morálta sin inniu, na mothúcháin céanna ar thosaigh Mheirceá.
“Tá sé deacair a rá, i ndáiríre, spiorad Mheirceá agus spiorad na réabhlóide, tá sé fós ag troid do chearta na ndaoine agus sin an rud a chaithfimíd greim a fháil air agus a choinneáil inár gcroí ar Lá Saoirse Mheirceá, an 4ú lá d’Iúil.”
Craolfar an chéad pháirt de Réabhlóid Mheirceá ag 9.30in ar 1 Iúil ar TG4 agus an dara pháirt seachtain ina dhiaidh sin ar 8 Iúil.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
























